Monday, 20 May 2024

Fiche Bliain faoi Bhláth: Ceolchoirm Shean-nóis Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe

Chun 20 bliain den bpáirtnéireacht atá ar bun acu le hEalaín na Gaeltachta a cheiliúradh, tá ceochoirm mhór shean-nóis á reachtáil ag Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe. In Amharclann Mick Lally, Dé Máirt 4 Meitheamh, 8-10pm a bheidh an ócáid ar siúl agus scoth na n-ealaíontóirí as Gaeltacht Chonamara ar stáitse.  Ina measc san a bheidh páirteach sa léiriú diamhair seo, beidh Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Máire Ní Mhaoilchiaráin, Sarah Ghriallais, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Áine Ní Dhroighneáin, Róisín Ní Mhainín, Pádraic Ó hOibicín, Máirín Mhic Lochlainn, Mairéad Ní Fhlatharta, Treasa Ní Mhiolláin, Seosamh Ó Neachtain, Saileog Ní Cheannabháin, Gearóid Ó Dubháin, agus Micheál Ó Cuaig. Deir an Dr Méabh Ní Fhuartháin, Ceann an Ionaid: “Tá breis agus 20 bliain ann ó cuireadh an pháirtnéireacht idir Ionad Léann na hÉireann agus Ealaín na Gaeltachta ar bun chun ealaíon an tsean-nóis agus na healaíona dúchais béil i nGaeltacht Chonamara a chur chun cinn. Dar linn gur fiú an méid sin a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh le ceolchoirm mhór a thabharfaidh deis dúinn a bhfuil bainte amach againn ó cuireadh an pháirtnéireacht eadrainn ar bun a thaispeáint don bpobal. Beidh cuid de na healaíontóirí comhaimseartha is cumasaí dá bhfuil ag obair i nGaeltacht Chonamara ar an ardán in Amharclann Mick Lally, rud a fhágann gur showcase iontach don nGaeilge, don nGaeltacht, agus d’ealaíona an tsean-nóis a bheidh sa cheolchoirm neamhchoitianta seo.” Cosnaíonn na ticéid €10 agus tá an t-airgead uilig ag dul chuig Clann Shíomóin na Gaillimhe, agus tá siad ar fáil ag https://buytickets.at/theblackgateculturalcentre/1253133. Tuilleadh eolais ó irishstudies@universityofgalway.ie Críoch